Aosoideachas

Foghlaimeoir Fásta
na Léitheoireachta & na Scríbhneoireachta

Tá Mar a Déarfá! dírithe ar an gcainteoir dúchais atá ag iarraidh feabhas a chur ar a chuid léitheoireachta agus scríbhneoireachta sa Ghaeilge.

Díríonn sé ar na príomhfhuaimeanna a dhéanann an cainteoir dúchais ina theanga labhartha fhéin a cheangal le 'cóid' scríofa na bhfuaimeanna sin.

Sin an fáth ar tugadh Mar a Déarfá! air; Tosaíonn sé le teanga shaibhir, chanúnach an fhoghlaimeora agus tógann sé ar an mbunchloch sin.

Baintear úsáid as uirlisí (tascanna) simplí i dtús na hoibre, a léiríonn leibhéal léitheoireachta agus scríbhneoireachta an fhoghlaimeora, chomh maith le leibhéil a chuid eolais ar na 'cóid' agus ar scileanna eile riachtanacha don léamh agus scríobh.

Leagtar amach plean foghlama dar réir, ag baint úsáide as córas céimmnithe agus modhanna múinte den scoth don fhoghlaimeoir fásta.
sidebar-mig-woman-reading.jpg

Copyright Mar a Déarfá! | An Focal Scríofa don Chainteoir Dúchais Gaeilge - All rights reserved | Web Design Mayo by Avenir