Nuacht

Ceardlann i Maigh Eo!

Cuirfear ceardlann oiliúna lae ar fáil i leagan Chonnacht de Mar a Déarfá! ar an Satharn, 14 Aibreán 2018, i Maigh Eo. Beidh an cheardlann dírithe ar mhúinteoirí Gaeltachta Iorrais, Acla & Thuar Mhic Éadaigh, ach beidh fáilte roimh mhúinteoirí ó Ghaeltachtaí eile Chonnacht (agus na Mí!) freastal uirthi. Beidh an lá oiliúna saor in aisce agus beidh sé ar siúl in Óstán Bhaile Uí Fhiach (an Newport Hotel). D’fhreastail 81 múinteoir Gaeltachta as Conamara & Árann ar shraith cheardlann an réigiúin sin. Tá sé ráite ag COGG gur "áis riachtanach do na scoileanna Gaeltachta (agus gaelscoileanna)" Mar a Déarfá! ...Bígí linn, a mhuintir Mhaigh Eo! Tuilleadh eolais ó Mháirin @ 091-506846 / eolas@breacadh.ie
Last modified onMonday, 05 March 2018 11:42

Copyright Mar a Déarfá! | An Focal Scríofa don Chainteoir Dúchais Gaeilge - All rights reserved | Web Design Mayo by Avenir