Nuacht

An Córlán – taifeadadh de leagan Chonnacht ar fáil!

Is é An Córlán atá i gcroílár na scéime Mar a Déarfá!

Is sa Chorlán a leagtar síos ord na bhfuaimeanna/litrithe atá le múineadh, le liosta focal samplach i ngach cás. Ar ndóigh, is focal nua é 'Córlán', a thugann le fios gur leis na fuaimeanna C-Ó-R-L-Á-N a thosaítear.

Tá taifeadadh de leagan Chonnacht den Chórlán le fáil anois ar www.maradearfa.ie, móide PDF de na liostaí focal.

Tá leagan Chonnacht de Mar a Déarfá! bunaithe ar chanúint Chois Fharraige i gConamara, ach foilseofar leaganacha den Chórlán i gcanúintí éagsúla de chuid Chonnacht go luath – canúintí oileáin Árann, Mhaigh Eo (agus na Mí!) san áireamh.

Ár mbuíochas le Caitlín (Pheaits) Ní Chualáin atá le cloisteáil ar thaifeadadh Chois Fharraige ... i mbun na n-amhrán nó an Chórláin, is tú is fearr, a Chaitlín!
Last modified onThursday, 08 March 2018 12:57

Copyright Mar a Déarfá! | An Focal Scríofa don Chainteoir Dúchais Gaeilge - All rights reserved | Web Design Mayo by Avenir