Nuacht

Ag Foghlaim le do Pháiste Óg! Fuaimeanna na Gaeilge: Uladh

A Thuismitheoirí,
Beatha agus sláinte chugaibh! Tá súil againn go bhfuil sibh ar fad ag coinneáil go maith agus go bhfuil sibh slán sábháilte sa bhaile.

Amharcaigí ar an fhíseán seo de phríomhfhuaimeanna na Gaeilge i gcanúint Uladh, má tá fonn oraibh cleachtadh a dhéanamh ar fhuaimeanna na Gaeilge le bhur gcuid páistí, idir óg agus sean!

Cártaí Láimhe
Céim 1
SAOR IN AISCE!


Má tá páistí bunscoile agaibh, tá cártaí láimhe leis na fuaimeanna le fáil saor in aisce thuas. Tá lánchead agaibh iad a phriontáil agus a ghearradh amach — má tá faill agaibh sin a dhéanamh — agus ar an dóigh sin na fuaimeanna a chleachtadh agus foghlaim cén dóigh focla a dhéanamh leo! Gheobhaidh sibh liostaí focla fóirsteanacha ag an nasc seo!
https://www.maradearfa.ie/scoileanna/uladh-scoileanna/an-corlan-muinteoir-uladh

Le tuilleadh spraoi a bheith agaibh agus sibh ag foghlaim, thig leis na páistí óga éisteacht le Scéilíní na bhFuaimeanna agus treoir a fháil lena gcuid peannaireachta ag an nasc seo:
https://www.maradearfa.ie/scoileanna/uladh-scoileanna/sceilini-na-bhfuaimeanna-uladh

Bíodh spraoi agaibh!
Last modified onThursday, 25 March 2021 16:19

Copyright Mar a Déarfá! | An Focal Scríofa don Chainteoir Dúchais Gaeilge - All rights reserved | Web Design Mayo by Avenir