Measúnú

Measúnú ar Chéim 1

measn-v10-3.jpg
Seo uirlis le measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar chroíscileanna riachtanacha na luathlitearthachta.

De réir na saineolaithe, bunaithe ar réimse leathan saothair thaighde ar bhonn fianaise, is iad an dá scil a leanas na scileanna is práinní ar fad a theastaíonn ó pháiste mar bhunchloch d’fhoghlaim na litearthachta;

  1. Eolas Fóinéimeach d’ardchaighdeán
  2. Eolas ar na Bunchóid Litrithe do Phríomhfhuaimeanna na teanga (‘An Cód Soiléir,’ i gclár litearthachta Mar a Déarfá!)
Cuirfidh an fhoghlaim thuas ar chumas na bpáistí Mapáil Ortagraíochta a dhéanamh ar na cóid nó ar na patrúin litrithe uilig a bheidh á bhfoghlaim aige, céim ar chéim, i gclár leanúnach, grádaithe, uile-scoile Mar a Déarfá!

Caithfear béim mhór a chur freisin sa luathlitearthacht ar na focail ardmhinicíochta nach leanann An Cód Soiléir – nó na ‘Focla Dána,’ mar a thugtar orthu i gclár Mar a Déarfá! Agus ar ndóigh, tá an-bhéim ar an Aibítir féin agus ar aithint agus ar tharraing na litreacha, idir beag is mór, ag bunchéim na litearthachta.

Déantar measúnú mion leis an uirlis seo ar an eolas agus ar na scileanna uilig a mhúintear ag Céim 1 de Mar a Déarfá!; 1. Eolas Fóinéimeach 2. Eolas ar na Bunchóid Litrithe 3. Eolas ar na Focla Dána 4. Eolas ar an Aibítir.

Ar ndóigh, is uirlis thábhachtach don phleanáil ranga í an uirlis mheasúnaithe seo freisin. Is ó anailís ar na cineálacha botún a dhéanann foghlaimeoirí is fearr a bhíonn múinteoir in ann idirghabháil/forbairt éifeachtach a phleanáil do na chéad chéimeanna eile den fhoghlaim!

ÍOSLÓDÁIL ANOIS!
Measúnú ar Chéim 1
SAOR IN AISCE!
Measúnú ar Chéim 1<br />SAOR IN AISCE!

Copyright Mar a Déarfá! | An Focal Scríofa don Chainteoir Dúchais Gaeilge - All rights reserved | Web Design Mayo by Avenir