Home Menu Item

Céard atá ann, Mar a Déarfá!?

Is clár céimnithe fónaice / litearthachta é 'Mar a Déarfá!' chun líofacht léitheoireachta agus cruinneas scríofa agus litrithe a mhúineadh don chainteoir dúchais Gaeilge.

Dírítear sa chlár ar na fuaimeanna a dhéanann an cainteoir dúchais ina theanga labhartha féin  a cheangal lena bhfoirmeacha scríofa.

Dírítear ar dtús ar An Cód Soiléir nó na 41 bunlitriú do phríomhfhuaimeanna na Gaeilge. Is iad na 41 bunlitriú sin an chéad chéim agus an bhunchloch don léamh agus don scríobh.
                                                                        
Leantar le céimeanna eile an chláir ansin (An Cód Doiléir, nó na bealaí eile le príomhfhuaimeanna na Gaeilge a litriú) go dtí go mbaineann foghlaimeoirí amach ardchaighdeán cruinnis i léamh agus i scríobh
na teanga.


Tá os cionn 200 cód litrithe sa Ghaeilge.

Copyright Mar a Déarfá! | An Focal Scríofa don Chainteoir Dúchais Gaeilge - All rights reserved | Web Design Mayo by Avenir