Faire Focla! 3A

Faire Focla! 3A

Cuartaigh na focail atá i bhfolach sa bhosca!
100 cluiche!  Aois: 7+
Imreoirí: 1  – Grúpa Mór (m.sh rang iomlán le chéile!)
€10

Tá dianchleachtadh le fáil sa chluiche seo ar dhéanamh focal, le béim faoi leith ar na 19 cód litrithe nua i gCéim 3A.

Sa chluiche spraíúil seo caithfidh foghlaimeoirí an oiread focal a dhéanamh agus is féidir leo – ach ní féidir na focail sin a dhéanamh ach le litreacha atá le taobh a chéile! Is féidir leis na focail a bheith ag gabháil suas, síos, droim ar ais, chun cinn agus trasna, a fhad agus go mbíonn na litreacha ag teacht i ndiaidh a chéile, nó go bhfuil siad in aice lena chéile! Tá neart focal – idir bheag agus mhór – le fáil sna boscaí, ach le cinntiú go bhfaighidh foghlaimeoirí dianchleachtadh ar na cóid litrithe nua atá foghlamtha acu ag Céim 3A, spreag iad le gabháil ar thóir na bpointí dúbailte!

Beidh fiosrú focal go leor ar siúl le linn na gcluichí seo agus beidh neart plé fiúntach ann faoi fhocail! … Gheobhaidh foghlaimeoirí neart taithí ar úsáid an fhoclóra agus iad ag Faire Focla!

Copyright Mar a Déarfá! | An Focal Scríofa don Chainteoir Dúchais Gaeilge - All rights reserved | Web Design Mayo by Avenir