Fáilte

Foghlaimeoir Fásta
na Léitheoireachta & na Scríbhneoireachta

Mar a Déarfá! dírithe ar an gcainteoir dúchais atá ag iarraidh feabhas a chur ar a chuid léitheoireachta agus scríbhneoireachta sa Ghaelainn.

Díríonn sé ar na príomhfhuaimeanna a dhéanann an cainteoir dúchais ina theanga labhartha féin a cheangal le 'cóid' scríte na bhfuaimeanna sin.

Sin an fáth a dtugtar Mar a Déarfá! air; tosnaíonn sé le teanga shaibhir, chanúnach an fhoghlaimeora agus tógann sé ar an mbunchloch sin.

Baintear úsáid as uirlisí (tascanna) simplí i dtosach báire, a léiríonn leibhéal léitheoireachta agus scríbhneoireachta an fhoghlaimeora, chomh maith le leibhéil a chuid eolais ar na 'cóid' agus ar scileanna eile riachtanacha don léamh agus scríobh.

Leagtar amach plean foghlama dá réir, ag baint úsáide as córas céimnithe agus modhanna múinte den scoth don fhoghlaimeoir fásta.
sidebar-mig-woman-reading.jpg

Copyright Mar a Déarfá! | An Focal Scríofa don Chainteoir Dúchais Gaeilge - All rights reserved | Web Design Mayo by Avenir