Cé acu Cód?

Cé acu Cód?

Bí réitithe don Roghnú!
(le pointí tacaíochta teagaisc don mhúinteoir)
1 – 16 imreoir
Aois: 7+ 16 cluiche!
€15

ce-acu-cod-1.jpg

Tá dianchleachtadh le fáil sna 16 cluiche seo ar fhocail a dhéanamh le cóid litrithe na ngutaí.  Gheobhaidh an foghlaimeoir cleachtadh go háirithe ar roghnú a dhéanamh idir na cóid litrithe éagsúla atá ann d’fhuaim faoi leith.

Ós défhoghair agus trífhoghair go leor de na cóid ag Céim 3, gheobhaidh imreoirí  an-chleachtadh freisin ar mheaitseáil gutaí caola le consain chaola, agus gutaí leathana le consain leathana – go mór mór i gcás na sleamhnóg!

Molaimid neart comhrá a dhéanamh agus na cluichí seo á n-imirt. Is fiú go mór iarraidh ar fhoghlaimeoirí na focail a dhéanann siad a léamh os ard, a chur in abairt, a mhíniú, a sheiceáil san fhoclóir srl. Beidh neart cleachtaidh le fáil ar fhéincheartú sa litriú don chainteoir dúchais!

Copyright Mar a Déarfá! | An Focal Scríofa don Chainteoir Dúchais Gaeilge - All rights reserved | Web Design Mayo by Avenir