Flúirse Focla! & Fainic!

Flúirse Focla! & Fainic!

Dhá chluiche spraíúla nua, bunaithe ar an gclár litearthachta Mar a Déarfá!
AGUS greamaitheoirí saor in aisce le fuaimeanna Chéimeanna 1 & 2!

€17.50
flirse-focla-fainic---pic-1.jpg
Is cluiche tarraingteach é Fainic! ina ndéantar cleachtadh ar chóid litrithe agus ar an bhfuaim a dhéanann siad go dtí go mbíonn siad ar eolas gan stró ag páistí agus iad in ann iad a aithint ar an bpointe boise. Tá aithint na gcód litrithe seo an-tábhachtach don léitheoireacht.

Sa chluiche seo, piocfaidh gach imreoir amach píosa amháin grán rósta as an mboiscín ar a s(h)eal féin.  Má léann sé amach fuaim an chóid litrithe atá air go cruinn, coinneoidh sé an píosa. Is é an t-imreoir is mó a mbeidh píosaí grán rósta aige ag deireadh a bhuafaidh an cluiche … Ach ní de réir cumais a bhíonn an bua ag imreoir – ádh nó mí-ádh is mó atá i gceist; má phioctar píosa grán rósta atá pléasctha agus gan aon fhuaim le feiceáil air, bíonn na píosaí uilig le caitheamh ar ais sa bhosca!

Tá na cóid litrithe do Chéim 1 AGUS do Chéim 2 de Mar a Déarfá! san áireamh sa chluiche seo. Is féidir céim amháin a imirt as féin nó an dá cheann le chéile – sin 82 fuaim!

Is cluiche simplí é Fainic! ach baineann páistí an-spraoi agus gáire as!

Greamaitheoirí na bhFuaimeanna, Céimeanna 1 & 2

Is féidir cuid de na greamaitheoirí seo a úsáid ar mhaidí líreacáin agus na greamaitheoirí ciorclacha a úsáid ar dhíslí, ar réalta nó go deimhin ar bhealach ar bith ar mian leis an múinteoir – nó leis an tuismitheoir –le cluichí foghlama a chruthú! Arís, cuideoidh na gníomhaíochtaí seo go mór le páistí na cóid litrithe a chur de ghlanmheabhair, beagnach i ngan fhios dóibh féin agus iad ag spraoi!

Flúirse Focla!

flirse-focla-fainic---pic-3.jpg

Is cluiche cárta é Flúirse Focla! ina bhfaightear neart cleachtaidh ar fhocail a dhéanamh – go mór mór trí fhuaim a bhabhtáil i bhfocal amháin le focal eile a dhéanamh. Ar ndóigh, is scil fhíorthábhachtach é Babhtáil Fuaimeanna i bhFocail sa phróiseas léitheoireachta. Leagtar an-bhéim uirthi mar scil fhóinéimeach ar dtús, agus ansin mar scil fónaice.

Caithfidh stór maith focla simplí a bheith ag páistí le go mbeidh siad in ann smaoineamh ar fhocail don chluiche seo, ach beidh stór leathan d’fhocail fheiliúnacha acu faoin am a mbeidh Céim 1 de Mar a Déarfá! múinte dóibh, agus iad réidh le focail a dhéanamh iad féin!

Déanfaidh na páistí Flúirse Focla! sa chluiche seo agus beidh neart craice agus ruainne beag iomaíochta i gceist freisin!

Flúirse Focla! & Fainic!

Two new fun games, based on the Mar a Déarfá! literacy programme PLUS free stickers covering Step 1 & Step 2 spelling codes!

€17.50

Fainic!

This mouth-watering game – Fainic! – offers lots of practice in recognising spelling codes until children can do so automatically and accurately. This automaticity is, of course, essential for fluent sound blending and therefore reading.

In Fainic!, each child picks a piece of popcorn from the box on his turn. If he reads the sound on the piece accurately, he adds it to his collection! The player who has most pieces of popcorn at the end is the winner … but it’s all to do with luck! If a player picks a popped popcorn with no sound on it, he must throw all of his popcorn back in the box and start again!

Spelling codes for Steps 1 and 2 of the Mar a Déarfá! literacy programme are included in the box and the Steps can be played separately or together – 82 spelling codes in total!

Fainic! is a simple game, but draws lots of fun and laughter!

Greamaitheoirí na bhFuaimeanna, Céimeanna 1 & 2

Some of these spelling code stickers are sized to fit lollipop sticks typically found in school art supply boxes while others are circular and can be used on dices, stars – or in any way teachers or parents wish, in order to create fun practice games! Again, the goal of this resource is to practice and consolidate the spelling codes at Steps 1 & 2 of Mar a Déarfá! through fun activities until children can recognise them accurately and efficiently.

Flúirse Focla!

Flúirse Focla! is a card game in which children first make 5 words by blending sounds from their allocated cards and then proceed to change one of another player’s words in order to make a new (legitimate!) word. This is done by changing or swapping a sound or spelling code in one word to make another – a skill that is emphasised greatly in literacy best-practice, both in the development of phonemic awareness (an auditory skill) and in phonics.

Children will require a collection of basic phonic words before playing Flúirse Focla! and therefore this is an ideal activity to introduce on completion of Step 1 of the Mar a Déarfá! programme.
Flúirse Focla! works equally well during, or on completion of Step 2, however, as children use more and more of the spelling codes they are learning, in an ever-increasing collection of words!

Enjoy the craic with this one, as children check the validity of words and spellings in a slightly more competitive game!

Copyright Mar a Déarfá! | An Focal Scríofa don Chainteoir Dúchais Gaeilge - All rights reserved | Web Design Mayo by Avenir