Craiceáil na gCód!

Craiceáil na gCód!

Cé mhéad focal atá tú in ann a dhéanamh?
2-8 imreoir
Aois: 7+
4 leibhéal imeartha
€15

craiceail-na-gcod-1.jpg
card-1.jpg

Cluiche simplí spraíúil é Craiceáil na gCód! ina gcleachtaítear agus ina ndaingnítear cóid litrithe na ngutaí, suas go Céim 3 de Mar a Déarfá!

Faigheann imreoirí cleachtadh iontach ar Bhabhtáil Cód i bhFocail, le focail eile a dhéanamh – scil atá an-tábhachtach don líofacht léitheoireachta agus don chruinneas litrithe. Lena chois sin, treisítear a gcuid scileanna sa Chur le Chéile (blending) agus focail  á léamh. Is défhoghair agus trífhoghair go leor de na cóid  ag Céim 3 de Mar a Déarfá! –  i.e. tá dhá ghuta nó trí ghuta le fáil le taobh a chéile iontu. Dá bharr sin, faigheann imreoirí an-chleachtadh cluaise freisin sa chluiche seo agus iad ag meaitseáil gutaí caola le consain chaola agus gutaí leathana le consain leathana. Beidh na cluasa bioraithe do na sleamhnóga agus foghlaimeoirí ag Craiceáil na gCód!

card-2.jpg
tadhg.jpg

Copyright Mar a Déarfá! | An Focal Scríofa don Chainteoir Dúchais Gaeilge - All rights reserved | Web Design Mayo by Avenir