Nuacht

An Focal Scríofa don Chainteoir Dúchais Gaeilge

Seolfar leagan Chonnacht de Mar a Déarfá! gan mhoill. Is clár nua, cuimsitheach fónaice / litearthachta don chainteoir dúchais Gaeilge é Mar a Déarfá! Breacadh, comhthionscadal de chuid na mBord Oideachais & Oiliúna Gaeltachta, a chruthaigh an clár, atá dírithe ar an bhfoghlaimeoir fásta. Seolfar áiseanna breise don chéad chéim den chlár, a bheidh feiliúnach ní amháin don Fhoghlaim Teaghlaigh, ach le húsáid freisin i scoileanna Gaeltachta, ó na Naíonáin Bheaga go Rang 1. Tá Mar a Déarfá! tiomnaithe do Sheosamh Mac Donncha, nach maireann, a raibh dlúthbhaint aige leis an saothar a chur chun cinn agus é mar Phríomhfheidhmeannach ar Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe agus ina dhiaidh sin ar Choiste Gairmoideachais Mhaigh Eo. An Roinn Oideachais & Scileanna a mhaoiníonn Breacadh. Ár mbuíochas ó chroí le comhurraithe Mar a Déarfá!, COGG agus Foras na Gaeilge.
Last modified onMonday, 05 March 2018 10:18

Copyright Mar a Déarfá! | An Focal Scríofa don Chainteoir Dúchais Gaeilge - All rights reserved | Web Design Mayo by Avenir