Nuacht

An Córlán – taifeadadh de leagan na Mumhan ar fáil!

Is é 'An Córlán' atá i gcroílár na scéime Mar a Déarfa!

Is sa Chorlán a leagtar síos ord na bhfuaimeanna/litrithe atá le múineadh, agus tugtar liosta focal samplach i ngach cás. Gan dabht, is focal nua é 'Córlán', a thugann le fios gur leis na fuaimeanna C-Ó-R-L-Á-N a thosnaítear leis an bhfoghlaim!

Tá taifeadadh na Mumhan den gCórlán le fáil anois ag an nasc thíos, á chur i láthair ag Beirní Ní Chuinn as paróiste Mórdhach i gCorca Dhuibhne, i nGaeltacht Chiarraí.
https://www.maradearfa.ie/scoileanna/mumhan-scoileanna/an-corlan-muinteoir-mumhan

Ár mbuíochas ó chroí le Gobnait Uí Chonchubhair a leag an bhunchloch do Mar a Déarfa! linn,
agus a chuir obair mhór mhillteach isteach sa leagan seo den gCórlán, ach go háirithe.
Last modified onWednesday, 22 April 2020 15:33

Copyright Mar a Déarfá! | An Focal Scríofa don Chainteoir Dúchais Gaeilge - All rights reserved | Web Design Mayo by Avenir