Nuacht

An Córlán – taifeadadh de leagan Uladh ar fáil!

Tá ‘An Córlán’ i gcroílár na scéime Mar a Déarfa!

Is sa Chorlán a leagtar síos ord na bhfuaimeanna/litrithe atá le teagasc, agus tugtar liosta focal samplach in achan chás. Ar ndóigh, focal úr atá in 'Córlán', a thugann le fios gur leis na fuaimeanna C-Ó-R-L-Á-N a thoisíonn an fhoghlaim!

Tá taifeadadh de leagan Uladh den Chórlán le fáil anois ag an nasc seo, á chur i láthair ag Dónall Ó Cnáimhsí as an Ghlaisigh i nGaoth Dobhair, i nGaeltacht Thír Chonaill.
https://www.maradearfa.ie/scoileanna/uladh-scoileanna/an-corlan-muinteoir-uladh

Ár mbuíochas le hEdel Ní Chnáimhsí fosta, atá le cluinstin ar fhíseán seo na bpríomhfhuaimeanna:

Last modified onTuesday, 28 April 2020 14:01

Copyright Mar a Déarfá! | An Focal Scríofa don Chainteoir Dúchais Gaeilge - All rights reserved | Web Design Mayo by Avenir