Nuacht

Ag Foghlaim le do Pháiste Óg! Fuaimeanna na Gaeilge: Connacht

A Thuismitheoirí,
Beatha agus sláinte chugaibh! Tá súil againn go bhfuil sibh ar fad ag coinneáil go maith agus sibh slán sábháilte sa mbaile.

Breathnaigí ar an bhfíseán seo de phríomhfhuaimeanna na Gaeilge i gcanúint Chonnacht, má tá fonn oraibh cleachtadh a dhéanamh ar fhuaimeanna na Gaeilge le bhur gcuid gasúr, idir óg agus sean!

Cártaí Láimhe
Céim 1
SAOR IN AISCE!


Má tá gasúir bunscoile agaibh, tá cártaí láimhe leis na fuaimeanna le fáil saor in aisce thuas. Tá lánchead agaibh iad a phriontáil agus a ghearradh amach — má tá an deis sin agaibh — agus ar an gcaoi sin na fuaimeanna a chleachtadh agus foghlaim cén chaoi focla a dhéanamh leo! Gheobhaidh sibh liostaí focla feiliúnacha ag an nasc seo:
https://www.maradearfa.ie/scoileanna/connacht-scoileanna/an-corlan-muinteoir

Chun tuilleadh spraoi a bheith agaibh agus sibh ag foghlaim, is féidir leis na gasúir óga éisteacht le Scéilíní na bhFuaimeanna agus treoir a fháil lena gcuid peannaireachta a chleachtadh ag an nasc seo:
https://www.maradearfa.ie/scoileanna/connacht-scoileanna/sceilini-na-bhfuaimeanna-connacht

Bíodh sé ina spraoi!
Last modified onThursday, 25 March 2021 16:19

Copyright Mar a Déarfá! | An Focal Scríofa don Chainteoir Dúchais Gaeilge - All rights reserved | Web Design Mayo by Avenir