Nuacht

Ag Foghlaim le do Pháiste Óg! Fuaimeanna na Gaelainne: Mumhan

A Thuismitheoirí,
Dé bhur mbeatha! Tá súil againn go bhfuil sibh ar fad ag fanacht slán agus go bhfuil ag éirí go maith libh sa bhaile sa tigh.

Féachaigí ar an bhfíseán so de phríomhfhuaimeanna na Gaelainne i gcanúint na Mumhan, má theastaíonn uaibh cleachtadh a dhéanamh orthu le bhur bpáistí, idir óg agus aosta! Ná bacaigí fós le 'v' nó 'z' i ndeireadh an fhíseáin.

Cártaí Láimhe
Céim 1
SAOR IN AISCE!


Má tá páistí bunscoile agaibh, tá cártaí láimhe leis na fuaimeanna le fáil saor in aisce thuas. Tá lánchead agaibh iad a phriontáil agus a ghearradh amach — má tá sé d’uain agaibh — agus ar an tslí sin na fuaimeanna a chleachtadh agus foghlaim conas mar a dhéantar focail astu! Gheobhaidh sibh liostaí d’fhocail oiriúnacha anseo:
https://www.maradearfa.ie/scoileanna/mumhan-scoileanna/an-corlan-muinteoir-mumhan

Chomh maith leis sin, bainfidh na páistí taitneamh as an bhfoghlaim má éisteann siad le Scéilíní na bhFuaimeanna, mar a bhfaighidh siad treoir maidir le cleachtadh a dhéanamh ar an bpeannaireacht chomh maith, ag an nasc so:
https://www.maradearfa.ie/scoileanna/mumhan-scoileanna/sceilini-na-bhfuaimeanna-mumhan

Beidh ana-spórt acu!
Last modified onThursday, 25 March 2021 16:19

Copyright Mar a Déarfá! | An Focal Scríofa don Chainteoir Dúchais Gaeilge - All rights reserved | Web Design Mayo by Avenir