Nuacht

Leabhar na nGasúr 1:B agus Leabhar an Mhúinteora Céim 1:B ar fáil le ceannach anois!

Leabhar an Mhúinteora 1:B €35


Sa leabhar seo clúdaítear:
  • Fuaimeanna 25-41 (Céim 1 de Mar a Déarfá!)
  • Na chéad 39 ‘Focal Dána’
  • An Aibítir.
Déantar cur síos cuimsitheach sa leabhar seo ar an gcuid seo de chóras Mar a Déarfá! Moltar sceideal oibre atá leanúnach agus céimnithe agus déantar cur síos mion ar mhodhanna múinte agus ar ghníomhaíochtaí ranga (ceacht samplach san áireamh). Cuirtear cleachtaí léitheoireachta agus deachtóireachta ar fáil atá céimnithe agus déantar tagairt do na háiseanna tacaíochta breise go léir atá ar fáil le n-úsáid sa rang (www.maradearfa.ie). Ar ndóigh, tá uirlisí measúnaithe ann le cuntas a choinneáil ar ghabháil chun cinn na ngasúr agus leis an bpleanáil ranga a threorú.

Fuaimeanna:
d caol, s caol, t caol, r caol, ua, ia, ch, ng, dh, fh, bh, ai, abh, agh, ch caol, dh caol, bh caol.


Leabhar na nGasúr B €8.50


Cleachtaí éisteachta, léitheoireachta agus scríbhneoireachta do na fuaimeanna de réir mar a mhúintear sa rang iad. Neart deiseanna chun an fhoghlaim a dhéantar sa rang a threisiú. Scéalta atá bunaithe go dlúth ar an bhfuaim nua agus ar na fuaimeanna agus ar ‘na focla dána’ atá déanta go dtí sin. Féadfaidh na gasúir iad a léamh lena dtuismitheoirí.


Is féidir iad a ordú ó eolas@breacadh.ie.

Ná déanaigí dearmad go bhfuil neart áiseanna eile do Chéim 1 ar fáil cheana ar www.maradearfa.ie!

Físeán d’fhuaimeanna Chéim 1 @
https://www.maradearfa.ie/scoileanna/connacht-scoileanna/fiseain-na-bhfuaimeanna

Scéilíní agus Cleachtaí Peannaireachta na bhFuaimeanna ag Céim 1 @
https://www.maradearfa.ie/scoileanna/connacht-scoileanna/sceilini-na-bhfuaimeanna-connacht

Bainigí taitneamh agus tairbhe as na háiseanna spraíúla seo!  
Last modified onThursday, 25 March 2021 16:18

Copyright Mar a Déarfá! | An Focal Scríofa don Chainteoir Dúchais Gaeilge - All rights reserved | Web Design Mayo by Avenir