Nuacht

Ar fáil anois!

Cogar agus Mogar agus Scéalta Eile le Caitlín Ní Chualáin

5 chnuasach – 41 scéal! – €30

Scéalta álainne le léamh le chéile

 

An 1ú sraith scéalta INDÍCHÓDAITHE ariamh sa nGaeilge!

93% den teanga bunaithe ar Chéim 2 de Mar a Déarfá!

Bainfidh idir óg agus aosta taitneamh as an spochadh spraíúil agus as an gcaint nádúrtha atá le cloisteáil sna heachtraí barrúla atá le fáil sna scéalta seo. Beidh sé ina chraic ag cur aithne ar na carachtair ildána uilig – ón bhfile, na fonnadóirí, na báicéirí agus na bádóirí go dtí an tráchtaire spóirt é fhéin! Cuirfidh muid aithne ar ainmhithe go leor freisin idir shicíní agus dhragúin, beithigh, géanna, caiple, madraí agus broic.

Tá an greann go smior sna scéalta próis agus filíochta seo.

Spraoi, foghlaim, gáirí, tuiscint, léamh agus an chaint dhá spreagadh!

Siod é an chéad sraith scéalta indíchódaithe ariamh sa nGaeilge! Ní ábhar léitheoireachta ‘leibhéalta’ atá sna scéalta seo, ach teanga mhionghrádaithe a mbeidh na gasúir in ann a dhíchódú i.e. beidh siad ag léamh i ndáiríre iad fhéin!

Tá ar a laghad 93% den teanga sna scéalta seo bunaithe go sonrach ar an bhfoghlaim a bheas déanta faoi dheireadh Chéim 2 den chlár litearthachta Mar a Déarfá!

Last modified onThursday, 01 April 2021 08:47

Copyright Mar a Déarfá! | An Focal Scríofa don Chainteoir Dúchais Gaeilge - All rights reserved | Web Design Mayo by Avenir