Nuacht

Le fáil ANOIS!

  • Leabhar an Mhúinteora, Céim 2 - €35.00
  • Leabhar na nGasúr 2A & Leabhar Gníomhaíochta 2A – €15.00
  • Leabhar na nGasúr 2B & Leabhar Gníomhaíochta 2B – €15.00

Tá forbairt mhór déanta ar scéim litearthachta mhionghrádaithe, leanúnach Mar a Déarfá! le bliain anuas, agus tá sraith nua IOMLÁN áiseanna ar fáil anois! Tá 5 chéim sa scéim Mar a Déarfá! ina múintear 200+ gráiféim (cód litrithe) sa Ghaeilge, ag úsáid na ndea-chleachtas is deireanaí, ar bhonn fianaise. Tá capall oibre an chórais ar fáil ar líne, saor in aisce, idir ord na ngraiféimí agus liostaí focal bunaithe orthu (taifeadtaí fuaime san áireamh) – agus tá siad sin ar fad le fáil sna 3 mhórchanúint Gaeilge!

Is áis chumhachtach, réabhlóideach é Mar a Déarfá! a bhfuil an chéad chéim di – An Cód Soiléir nó Céim 1 – in úsáid mar bhunscéim fónaice in go leor scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna ó seoladh áiseanna na céime sin, atá bunaithe ar na bunchóid litrithe do 41 bunfhuaim sa Ghaeilge.

In 2020, i gcomhar le COGG, d’fhorbair Breacadh – cruthaitheoir agus foilsitheoir Mar a Déarfá! – sraith áiseanna teagaisc agus foghlama do Chéim 2 (Connacht) den chlár, ina ndírítear ar na cóid litrithe ‘malartacha’ is coitianta do 41 bunfhuaim sin na Gaeilge. San áireamh sa chéim sin tá an tUrú, an Séimhiú (consain + h), deirí na mbriathra san Aimsir Chaite agus san Aimsir Láithreach agus na litreacha dúbailte rr, ll agus nn.

AR FÁIL ANOIS: An tsraith nua IOMLÁN áiseanna ag Céim 2, beidh Leabhar an Mhúinteora Céim 2, an áis uile-thábhachtach ina leagtar amach cúrsa Chéim 2 le taifeadtaí fuaime, póstaeir agus amhráin úrnua srl. mar thacaíocht sa rang.

Chomh maith leis sin, tá 4 leabhar éagsúil do ghasúr:  Leabhar na nGasúr 2A agus Leabhar Gníomhaíochta 2A agus Leabhar na nGasúr 2B agus Leabhar Gníomhaíochta 2B – foilseacháin bhríomhara atá ag cur thar maoil le gníomhaíochtaí ranga agus le cluichí ilchéadfacha atá dírithe ar na gnéithe éagsúla den chlár a mhúineadh go héifeachtach, go sonrach agus gan teip, trí spraoi, spraoi agus tuilleadh spraoi!

2 Leabhar @ €15.00

2 Leabhar @ €15.00

 
 

AVAILABLE NOW

  • Step 2 Teacher’s Manual
  • Childrens’ Workbooks A & B
  • Childrens’ Activity Books A & B

The 5-Step Mar a Déarfá! literacy programme is based on a sequenced, graded, whole-school system for the teaching of 200+ graphemes (spelling patterns) in the Irish language. This sequence, complete with illustrative word banks and audio recordings, is available in the 3 main dialects of Irish on www.maradearfa.ie

Mar a Déarfá! is a powerful resource that has become the literacy programme of choice in many Gaeltacht schools and Gaelscoileanna since the launch of Céim 1/Step 1 – its initial phonics programme, based on the ‘transparent’ spelling codes of the 41 main sounds of Irish.

In 2020, programme creator and publisher Breacadh, in partnership with COGG, developed a selection of teaching and learning support resources for STEP 2 (Connacht) of the programme, which focuses on the most prominent ‘alternative’ spellings in Irish, including the Urú, the Séimhiú (consonants + h), verb endings in the Past and Present Tenses and the double letters rr, ll and nn.

Included in that new suite of Step 2 resources is the all-important teaching manual, complete with sound recordings, posters and songs for the classroom.

Also included are 4 children activity books, jam-packed with interactive, multisensory activities and games to learn the ins and outs of Irish spelling (and much more!) in an explicit and methodical way … through fun, fun and more fun!

Last modified onTuesday, 26 July 2022 11:07

Copyright Mar a Déarfá! | An Focal Scríofa don Chainteoir Dúchais Gaeilge - All rights reserved | Web Design Mayo by Avenir