Nuacht

Ar fáil anois!

Córlán Mhaigh Eo ar fáil!

Tá ‘An Córlán’ i gcroílár na scéime léitheoireachta agus scríbhneoireachta Mar a Déarfa! An Focal Scríofa don Chainteoir Dúchais Gaeilge.

Sa ‘Chórlán’ leagtar síos ord faoi leith leis an 200+ graiféim, nó cód litrithe, sa Ghaeilge a theagasc, chomh maith le liostaí d'fhocail shamplacha bunaithe ar gach 'cód litrithe'.

Focal nuachumtha atá in 'Córlán', a thugann le fios gur leis na 6 chód litrithe C/Ó/R/L/Á/N a thosaíonn an fhoghlaim!

Tá leaganacha Chonnacht (Cois Fharraige), na Mumhan (Corca Dhuibhne) agus Uladh (Gaoth Dobhair) den Chórlán le fáil cheana féin.

Tá Córlán Mhaigh Eo anois le fáil saor in aisce, idir scribhinní agus thaifeadtaí, á chur i láthair ag Máire Uí Chaoimh agus Tomás Mac Sheáin as An Chloch Mhór in Acaill.

https://www.maradearfa.ie/scoileanna/connacht-scoileanna/an-coras/an-corlan-muinteoir

Last modified onTuesday, 26 July 2022 16:23

Copyright Mar a Déarfá! | An Focal Scríofa don Chainteoir Dúchais Gaeilge - All rights reserved | Web Design Mayo by Avenir