Nuacht

23 áis nua seolta sa chlár 'Mar a Déarfá!' ag Oireachtas na Gaeilge

Seoladh 23 áis nua le deireanas mar thacaíocht don chlár litearthachta 'Mar a Déarfá!' - an chéad chlár léitheoireachta agus scríbhneoireachta riamh don chainteoir dúchais Gaeilge!  I measc na n-áiseanna tá leabhair don mhúinteoir agus don fhoghlaimeoir, áiseanna agus cluichí teanga agus ábhar léitheoireachta mionghrádaithe atá bunaithe go dlúth ar an gclár.

Is acmhainní don aosoideachas agus don Fhoghlaim Teaghlaigh a bhíonn á bhforbairt ag Breacadh - ar tionscadal tras-Ghaeltachta de chuid na mBord Oideachais agus Oiliúna é - ach tá an-tóir go deo ar 'Mar a Déarfá!' agus is údar bróid dúinn go bhfuil beagnach 100% de bhunscoileanna Gaeltachta an Iarthair agus na Mí á úsáid mar chlár litearthachta uilescoile faoin tráth seo (chomh maith le roinnt mhaith Gaelscoileanna!).

Is i nGaeilge Chonnacht atá formhór na n-áiseanna ar fáil go dáta, ach tá foireann Bhreacadh i mbun oibre anois ar leaganacha de 'Mar a Déarfá! i gcanúintí Uladh agus na Mumhan.

Ár mbuíochas ó chroí le Micheál S. Mac Donncha, Oifigeach Oideachais Gaeltachta le COGG & Uachtarán Ghaeloideachais, agus le hAoife Ní Thuairisg, Láithreoir le TG4, a sheol na háiseanna nua.

Catalóg Mar a Déarfá! le fáil ag: Catalóg Mar a Déarfá

Gabhaimid buíochas le COGG as a dtacaíocht leanúnach don tionscadal seo.

23 new resources launched in the 'Mar a Déarfá!' literacy programme!

The first fine-graded, grapheme by grapheme, multi-sensory literacy programme in the Irish language continues to emerge from the pioneering work of the Breacadh project!

No less than 23 new resources were launched recently in the Connaught version of the 'Mar a Déarfá!' programme for native speakers of Irish - and the Breacadh team are now working on Ulster and Munster versions of the teaching system and classroom support materials! 

Breacadh is a national Adult & Family Learning initiative formed and led by the ETBs serving the Gaeltacht counties. However, the innovative, evidence-based 'Mar a Déarfá!' programme is also being used in almost 100% of Gaeltacht primary schools in Connaught and in County Meath, as a whole-school literacy programme, while more and more Gaelscoileanna are also using it! COGG's continued financial support in the ongoing development of 'Mar a Déarfá! is greatly appreciated.

A catalogue of all materials available to date - along with a brochure featuring feedback from teachers - can be viewed here.

Last modified onTuesday, 22 November 2022 11:46

Copyright Mar a Déarfá! | An Focal Scríofa don Chainteoir Dúchais Gaeilge - All rights reserved | Web Design Mayo by Avenir