Nuacht

Leabhar an Mhúinteora 3A agus Leabhar na nGasúr 3A ar fáil anois!

Leabhar an Mhúinteora Céim 3:A
€35

Áis thábhachtach ina leagtar amach ceachtanna idirghníomhacha don chéad 19 cód litrithe i gCéim 3 den chlár litearthachta Mar a Déarfá! Tá an leabhar lán le hábhar teagaisc atá soiléir céimnithe, taifeadtaí fuaime, póstaeir agus gníomhaíochtaí ranga.

Is défhoghair agus trífhoghair go leor de na cóid ag Céim 3 de Mar a Déarfá! – i.e. tá dhá ghuta nó trí ghuta le fáil le taobh a chéile iontu. Dá bharr sin, tá béim mhór sa chéim seo ar aithint 'sleamhnóga' i bhfocail, ar bhiorú na gcluas agus ar mheaitseáil chonsain chaola agus leathana le gutaí den cháilíocht chéanna. Tá an-bhéim freisin ar shórtáil agus ar 'mhapáil' chóid litrithe malartacha (alternative spellings) - a bhfuil níos mó agus níos mó acu ann agus muid ag bogadh linn trí Mar a Déarfá!



Leabhar na nGasúr Céim 3:A
€8.50

Foilseachán spraíúil, tarraingteach idirghníomhach d’fhoghlaimeoirí atá lán go béal le gníomhaíochtaí foghlama dírithe go sonrach ar na chéad 19 cód litrithe de Chéim 3. Tá neart áiseanna tacaíochta ranga le fáil freisin mar thacaíocht don fhoghlaim sin.

 
Last modified onTuesday, 21 March 2023 11:39

Copyright Mar a Déarfá! | An Focal Scríofa don Chainteoir Dúchais Gaeilge - All rights reserved | Web Design Mayo by Avenir