Sa chur chuige seo, múintear grúpaí beaga fuaimeanna don fhoghlaimeoir go dtí go mbíonn 42/43 phríomhfhuaim na Gaeilge múinte. Cuirtear an bhéim ar an bhfuaim ghlan a aithint agus a rá go cruinn agus ansin ceanglaítear í leis an litriú is simplí nó is comónta den fhuaim sin (An Cód Soiléir).
A luaithe is a bhíonn dóthain fuaimeanna nua múinte – ag gach céim den ‘CÓRLÁN’ – tosaítear ag plé leis na focail ar féidir a dhéanamh leis na fuaimeanna sin.
Cleachtann an foghlaimeoir Cur le Chéile na bhFuaimeanna le focail a dhéanamh, agus Baint ó Chéile na bhFuaimeanna le focail a litriú. Is dhá scil iad seo a oibríonn as lámha a chéile. Ansin cleachtann an foghlaimeoir fuaimeanna a mhalartú i bhfocail, nó Babhtáil Fuaimeanna (b-án; l-án; lá-b srl.).
Is scileanna fíorthábhachtacha iad seo don léamh agus don scríobh agus litriú. Chomh maith leis an obair seo ar na 42/43 fhuaim, bíonn forbairt á déanamh ar scileanna riachtanacha eile éisteachta agus idirdhealaithe, mar shampla; Gutaí leathana V. Caola agus Consain Leathana V. Caola.
Clúdaíonn An CÓRLÁN os cionn 200 graiféim (litriú ar na 42/43 phríomhfhuaim) san iomlán. Seo leagan na Mumhan (Corca Dhuibhne) agus leagan Chonnacht (Cois Fharraige) den Chórlán. Tá 5 chéim sa Chórlán.
An Cód Soiléir (na bunlitrithe, soiléire don 42/43 phríomhfhuaim sa Ghaeilge)
1. An Bunleibhéal (leibhéal na naíonán beag i gcás bunscoil Ghaeltachta)
An Cód Doiléir (na litrithe malartacha don 42/43 phríomhfhuaim sa Ghaeilge)
2. An Meánleibhéal (leibhéal na naíonán mór i gcás bunscoil Ghaeltachta)
3. An tArdleibhéal 1 (rang 1 i gcás bunscoil Ghaeltachta)
4. An tArdleibhéal 2 (rang 2 i gcás bunscoil Ghaeltachta)
5. An tArdleibhéal 3 (rang 3 i gcás bunscoil Ghaeltachta)